Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú portfóilió

Shainaithin scoileanna a d’oibrigh ar fhorbairt tosaigh na dtreoirlínte seo punann mheasúnaithe mar chur chuige atá oiriúnach do na scoláirí atá i gceist agus do na cineálacha tascanna atá i gceist chun measúnú a dhéanamh ar obair ar na ATFanna. Tugtar fianaise dhaingean don scoláire sna punanna ar a dhul chun cinn agus éachtaí, a phléann siad, a ndéanann siad athbhreithniú orthu agus a roinneann siad lena múinteoirí, tuismitheoirí agus piaraí. Dá bharr seo, méadaítear a fhéinmheas mar fhoghlaimeoir gníomhach.


Is féidir le punanna a bheith ann mar chóip chrua agus/nó go leictreonach. Bailiúchán d’obair an scoláire is ea punann leictreonach, ar a dtugtar r-phunann nó punann dhigiteach, a chruthaítear le próiseáil focal agus cuir i láthair ilmheán eile. I measc samplaí de na cineálacha fianaise ar fhoghlaim a d’fhéadfaí a áireamh sa phunann tá
• obair scríofa (scéalta, litreacha, filíocht)
• obair thionscadail agus/nó obair sna hamharcealaíona
• cairteacha, léaráidí, grianghraif
• taifeadtaí físe de rannpháirtíocht an scoláire i
ngníomhaíocht, imeacht nó gnóthachtáil
• taifeadadh de shaothar ceoil.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.